Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 12:1-6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Ann sin tháinig Iósa sé lá roimh cháisg go Bethánia, mar a raibh Lásarus noch do bhí marbh, noch do dhúisigh seisean ó mharbhuibh.

2. Uime sin do rinneadar suiper dhó ann sin; agus do bhí Martá ag friothólamh: achd do bhí Lásarus na áon don mhuinntir do shuidh na fharradh ar an mbórd.

3. Ann sin do ghlac Muire punta duinnement náird fhírinnigh, roúasail, agus do ung si cosa Iósa, agus do thiorrmuigh sí a chosa lé na grúaig: agus do bhí an teach ar na líonadh do bhaladh na huinnemeinte.

4. A dubhairt áon dá dheisciobluibhsean, Iúdas Iscáriot mac Shimóin, noch do bhí ar tí eísion do bhrath,

5. Créd fá nar díoladh a nuinnementse ar thrí chéud pighinn, agus a dtabhairt do na bochduibh?

6. Gidheadh a dubhairt seision so, ní hé go raibh suim aige ann sna bochdaibh; achd ar son gur ghaduidhe é, agus gur ab aige do bhí an sparán, agus gur ab é diomchradh an ní do chuirthí ann.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 12