Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ccolossianach 4:7-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Foillséochuidh Tichicus, dearbhráthair grádhach agus minisdir díleas, agus cómhshearbhfhoghantúidhe sa Dtíghearna, mo chórsa uile dhíbh:

8. Noch do chuir mé chuguibh fá a nádhbhar chéudna, ionnus go mbíadh a fhios aige créd as cor dhaóibh, agus go dtiubhradh furtachd da bhur gcróidhthibhse;

9. Má ráon ré Honesimus déarbhráthair díleas grádhach, noch as díbh féin. Foillséochuid dhíbh na huile neithe atá ann so.

10. Cuiridh Aristarchus mo chóimhphríosúnach beatha agus sláinte chuguibh, agus Marcus, bráthair Bhárnabais, agá bhfúarabhair áitheanta dhá tháobh: má thig sé chuguibh, gabhuidh leis;

11. Agus Iósa, da ngoirthear Iustus, noch as don timchillghearradh, A síad amháin mo luchd cúngantasa do chum ríoghachda Dé, agus a síad bá fhurtachd damh.

12. Cuiridh Epaphras, searbhfhoghantuidhe Chríosd, noch is díbh féin, beannachd chuguibh, ag déunamh sbárna do shíor a núrnuighibh ar bhur son, chum seasda dhíbh go diongmhálta agus líonta a nuile thoil Dé.

13. Oír do ním dfíadhnuise ris, go bhfuil teasgrádh aige dhíbhse, agus do luchd Laodicéa, agus do luchd Híerapólis.

14. Cuiridh Lucás, an liáigh grádhach, agus Démas, beannachd chuguibh.

15. Beiridh beannachd chum na ndearbhráthar atá a Laodicéa, agus chum Nimpháis, agus chum na heagluise atá ann a thigh.

16. Agus an tan léighfighthear a neipisdilse eadruibh, tuguidh fé deara a léaghadh mar an gcéudna a neagluis na Laodicéanach; agus léighidhse fós a neipisdil ó Laodicéa.

17. Agus abruidh ré Harchippus, Tabhair haire leachd fán miniosdrálachd fuáir tú sa Dtíghearna, do choimhlíonadh.

18. Beatha agus slainte chugaibh ré mo láimhse Pól. Bíodh cuímhne aguibh arm o ghéimhleachuibh. Grása maille ribh. Amén.

Léigh chaibidil críochnaithe Ccolossianach 4