Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ccolossianach 3:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Uime sin má deirséirghe sibh má ráon ré Críosd, íarruidh na neithe atá shúas, sa nionad ann a bhfuil Críosd na shuídhe ar deis Dé.

2. Bíodh bhur ndúil sna neithibh atá shúas, agus ní sna neithibh atá air talamh.

3. Oír atá sibh marbh, agus atá bhur mbéatha folaighthe má ráon ré Críosd a Ndía.

4. An tan fhóillséochthar Críosd, ar mbéathainne, foillséochthar sibhse fós an tan sin a nglór má ráon ris.

5. Uime sin claóidhigh bhur mbuill thalmhuidhe, sdríopachas, neamhghloine, fonn colluidhe, ainmhían, agus saint, noch as iodhaládhradh:

6. Tré na dtig díoghaltus Dé ar chloinn na heasúmhlachda:

7. Ann a rabhabhairse fós ag siubhal a nallód, ar mbeith dhíbh ag caitheamh bhur mbeatha ionnta.

8. Achd a nois cuiridh uáibh na neithesi uile; fearg, buirfe, blaisphéime, droichmhéin, comhradh saladh as bhur mbéul.

9. Ná déunuidh bréug ré chéile, ó chuireabhair an seanduine dhíbh maille ré na ghníomharthuibh;

10. Agus ó chuireabhair an duine núadh iomuibh, noch atá ar na athnúadhughadh a néolas do réir íomháighe an ti do chrúthaidh é:

Léigh chaibidil críochnaithe Ccolossianach 3