Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ccolossianach 2:9-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Oír atá a nuile iomláine Dhíaghachda na cómhnuidhe annsan go corparrdha.

10. Agus atá sibhse ar bhur iomlíonadh annsan, noch as ceann do huile úachdaranachd agus do na huile chúmhachduibh:

11. Ann a bfuilti mar an gcéudna timchillgearrtha ré timchillghearradh nach láimhdhéunta, ag cur chuirp pheacuidh na féola dhíbh tré thimchillghearradh Chríosd:

12. Ar mbeith díbh adhluice má ráon ris tré bhaisdeadh, ann a ndearnabhair eiseirghe fós má raón ris tré chreideamh oibre Dé, do thóg é súas ó mharbhuibh.

13. Agus do aithbhéodhuigh sé sibhse maille rísion, ar mbeith dhíbh marbh a bpeacaidhibh agus a neamhthimchillghearradh bhur bhféola, ag maitheamh a nuile pheacuidh dhíbh;

14. Ar sgríos sgríbhinne na norduigheadh do bhí ar nadhuighne dhó, agus do bhí contrárrdha dhúinne, do thóg se as a tslighe í, ága greamadh don chroich;

15. Ag fádhbhadh na núachdaránachd agus ná gcúmhachd dó, do thaisbéin sé go follas íad, ar ndul dó ann féín go caithréimeach ós a gcionn.

16. Uime sin ná damhnuigheadh éínneach sibh ar son bhídh, ná dhíghe, ná a dtáobh láe saóire, ná fan ré nuáidh, ná a dtáobh na sabbóideadh:

17. Nach bhfuil achd na sgáile do na neithibh atá chum teachda; achd is lé Críosd an corp.

18. Ná mealladh éunduine sibh a númhlachd inntinne agus a dtabhair onóra dainglibh, dhá sháthadh féin sna neithibh nach bhfacuidh sé ríamh, ar na líonadh go diomhaóin ré hinntinn a cholla féin,

19. Agus nach ccongmhann sé an Ceann, as a bhfághann an corp uile ar mbeith dhó gan uireasbhaidh dlíthuighe ré chéile, tré altuibh, agus tré choimhcheangaltuibh, fás tré fhás Dé.

20. Uime sin má fúarabhair bás má ráon ré Críosd ó chéudthosuighibh an domháin, créd, fá bhfuil sibh mar dhaóinibh chaitheas a mbeatha sa sáoghal, ag leanmhuin dórduighthibh,

21. Ná bean ris; na blais; na láimhsigh;

22. Noch théidh uile a dtruáilleadh ré na gcleachdadh; do réir aitheantadh agus theaguisg na ndaóine?

23. Neithe agá mbí cáil éagna orrtha, sa seirbhís chúmuid daóine úatha féin, agus a númhlachd inntinne, agus a neamhchoigilt an chuirp; ní a nonóir air bith do shásadh na colla.

Léigh chaibidil críochnaithe Ccolossianach 2