Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ccolossianach 1:19-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Oír do thogair an Tathair a nuile iomláine so chómhnuidhe annsan:

20. Agus, na huile neither do dhéunamh réidh ris féin thrídsion, ar ndéunamh siothchána tré fhuil a chroichesean; mas air talamh íad, no air neamh.

21. Agus sibhse, do bhí a nallód bhur gcoimhightheachuibh agus bhur náimhdíbh ann bhur ninntinn tré drochóibrighibh, do réidhigh sé a nois daóibh

22. A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin:

23. Má chómhnuigheann sibh go fonndameinteach daingean sa gcreideamh, gan bheith dhíbh ar bhur nathrughadh ó mhuinighin an tsoisgéil, noch do chúalabhair, agus do rinneadh sheanmóir dá gach uile chreatúr atá faói neamh, dá bhfuilimse Pól am mhinisdir;

24. Noch do ní a nois gairdeachas ann sna neithibh fhuilingim ar bhur sonsa, agus choimhlíonas fuigheall buáidheartha Chríosd am fheóil ar son a chuirpsion, eadhon a neagluis:

25. Dá ndearnadh minisdir dhíom, do réir fheadhmanntuis Dé tugadh dhamh bhur dtáobhsa, chum breithre Dé do choimhlíonadh;

26. An ruindiamhair do bhí folaighthe ó thus an domhuin agus ó ré na sinnsear, achd a nois atá ar na fhoillsiughadh dhá naómhuibhsion:

27. Dar thogair Día a fhoillsiughadh créd é siadhbhread ghlóire an ruindíamhairse a measg na Gcineadhach; agar ab é Críosd é bhur measgsa, muinighin na glóire:

28. Noch do nímidne sheamóir, agus tabhair fógra dá gach áon, agus ag teagusg gach aóin sa nuile eagna; chum gach áon do thabhairt a láthair iomlán a Níosa Críosd:

29. A ní chum a bhfuilimse ag déunamh díthchill, ar mbeith dhamh ag sbáirn do réir mar oibrigheas a oibriughadhsan ionnam go cumhachdach.

Léigh chaibidil críochnaithe Ccolossianach 1