1. Pol, absdal Iosa Críosd tré thoil Dé, agus an dearbhrathair Timotéus,
2. Chum na náomh agus na ndearbhráthar ndíleas a Níosa Críosd a Gcolosse: Grása maille ribh, agus siotcháin, ó Dhía Athair agus ón Dtíghearna Iosa Críosd.
3. Beirmíd a bhuidhe ré Día agus ré Hathair ar Dtíghearna Iosa Críosd, ag déunamh urnuighe do shíor ar bhur sonsa,
4. On tráth fá gcúalamar iomrádh bhur gcreidimh a Níosa Críosd, agus bhur ngrádh do na huile náomhuibh,
5. Ar son ná muinighne atá ar na cur a gcoimhéud bhur noirchill air neamh, agá bhfuárabhair a túarásgbháil roimhe a mbréithir fhírinne an tsoisgéil;
6. Noch tháinic chuguibhse, comhmaith ris an ndomhan uile; agus do bheir toradh úadha, mar do bheir bhur measgsa, ón lá fá gcúalabhair, agus fá bhfúarabhair éola air ghrás Dé go fírinneach:
7. Amhuil fós do fhoghluim sibh ó Epaphras ar gcoimhshearbhfoghantuidh grádhach, noch atá ar bhur sonsa na mhinisdir díleas ag Críosd;