Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ccolossianach 1:1-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Pol, absdal Iosa Críosd tré thoil Dé, agus an dearbhrathair Timotéus,

2. Chum na náomh agus na ndearbhráthar ndíleas a Níosa Críosd a Gcolosse: Grása maille ribh, agus siotcháin, ó Dhía Athair agus ón Dtíghearna Iosa Críosd.

3. Beirmíd a bhuidhe ré Día agus ré Hathair ar Dtíghearna Iosa Críosd, ag déunamh urnuighe do shíor ar bhur sonsa,

4. On tráth fá gcúalamar iomrádh bhur gcreidimh a Níosa Críosd, agus bhur ngrádh do na huile náomhuibh,

5. Ar son ná muinighne atá ar na cur a gcoimhéud bhur noirchill air neamh, agá bhfuárabhair a túarásgbháil roimhe a mbréithir fhírinne an tsoisgéil;

6. Noch tháinic chuguibhse, comhmaith ris an ndomhan uile; agus do bheir toradh úadha, mar do bheir bhur measgsa, ón lá fá gcúalabhair, agus fá bhfúarabhair éola air ghrás Dé go fírinneach:

7. Amhuil fós do fhoghluim sibh ó Epaphras ar gcoimhshearbhfoghantuidh grádhach, noch atá ar bhur sonsa na mhinisdir díleas ag Críosd;

8. Noch fós do fhoillsigh dhúinne bhur ngrádhsa trés an Sbioruid.

9. Uime sin, ón lá fá gcúalamar, ní sguirmíd dá bheith ag úrnuighe ar bhur son, agus ag athchuinghe sibhse do bheith líonta déolas a thoilesion a nuile éagna agus thuidge sbioradalta;

10. Ionnus go siúbhalfadh sibh mar as cubhaidh don Tíghearna maille ré sa thoil do dhéunamh sna huile neithibh, ag tabhairt toruidh uáibh sa nuile dheaghobair, agus ag fás a néolas Dé;

11. Ar bhur neartughadh maille ris a nuile neart, tré na chúmhachd glórmharsan, chum na huile fhoighide agus fhulaing maille ré gáirdeachas;

Léigh chaibidil críochnaithe Ccolossianach 1