Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Bhphilippiánach 4:16-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Oír ar mbeith dhamh fós a Dtessalonica do chuireabhair chugam uáir nó dhó fóirighin mo ríachdanuis.

17. Ní hé go bhfuilim ag íarruidh tabhártuis: achd amháin ag íarruidh toruidh ro líonmhuir chum bhur gconntuisse.

18. Fuáir mé a nois na huile neithe, agus atá mo theannsháith agum: do líonadh mé, ar nglacadh dhamh ó Epaphrodítus na neithe tháinic uáibhse, an baladh dheaghbhaluidh, an níodhbairt thaitneamhach, ar a bhfuil gean ag Día.

19. Agus fóirfidh mó Dhíasa gach uile uireasbhuidh dhá mbía oruibhse do réir a sháidhbhris maille ré glóir a Níosa Críosd.

20. Agús glóir do Dhía eadhon ar Nathairne go sáoghal na sáoghal. Amen.

21. Teannuidh ribh gach uile náomh a Níosa Críosd. Cuirid na dearbhraithre atá um fhochairse a mbeannachd chuguibh.

22. Cuirid na naóimh uile a mbeannachd chuguibh, agus go mórmhór an dream atá do luchd tighe Shéusair.

23. Grása ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ribh uile. Amen.

Léigh chaibidil críochnaithe Bhphilippiánach 4