12. As éol damh bheith uiríseal, agus as éol damh bheith iomlán: sa nuile áit agus sna huile neithibh do teaguisgeadh mé ré bheith sáitheach agus ré bheith a riachdanus.
13. Tig dhíom na huile neithe do dhéunamh tré Chríosd noch do neartuigheas mé.
14. Thairis sin is maith do rinneadbhairse, bheith páirteach rém bhuáidhirtse.
15. Agus fós, atá a fhios aguibhse a Philippíanacha, a dtosach an tsoisgéil, an tan do fhág mé Macedonia, nár roinn eagluis ar bith rium a gcunntus tabhartha agus gabhála, achd sibhse amháin.
16. Oír ar mbeith dhamh fós a Dtessalonica do chuireabhair chugam uáir nó dhó fóirighin mo ríachdanuis.
17. Ní hé go bhfuilim ag íarruidh tabhártuis: achd amháin ag íarruidh toruidh ro líonmhuir chum bhur gconntuisse.
18. Fuáir mé a nois na huile neithe, agus atá mo theannsháith agum: do líonadh mé, ar nglacadh dhamh ó Epaphrodítus na neithe tháinic uáibhse, an baladh dheaghbhaluidh, an níodhbairt thaitneamhach, ar a bhfuil gean ag Día.
19. Agus fóirfidh mó Dhíasa gach uile uireasbhuidh dhá mbía oruibhse do réir a sháidhbhris maille ré glóir a Níosa Críosd.
20. Agús glóir do Dhía eadhon ar Nathairne go sáoghal na sáoghal. Amen.
21. Teannuidh ribh gach uile náomh a Níosa Críosd. Cuirid na dearbhraithre atá um fhochairse a mbeannachd chuguibh.
22. Cuirid na naóimh uile a mbeannachd chuguibh, agus go mórmhór an dream atá do luchd tighe Shéusair.
23. Grása ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ribh uile. Amen.