11. Ní tré ríachdanus a deirim so: óir do fhoghluim misi, bheithe sásuigh, ris an staid ann a bhfuilim.
12. As éol damh bheith uiríseal, agus as éol damh bheith iomlán: sa nuile áit agus sna huile neithibh do teaguisgeadh mé ré bheith sáitheach agus ré bheith a riachdanus.
13. Tig dhíom na huile neithe do dhéunamh tré Chríosd noch do neartuigheas mé.
14. Thairis sin is maith do rinneadbhairse, bheith páirteach rém bhuáidhirtse.
15. Agus fós, atá a fhios aguibhse a Philippíanacha, a dtosach an tsoisgéil, an tan do fhág mé Macedonia, nár roinn eagluis ar bith rium a gcunntus tabhartha agus gabhála, achd sibhse amháin.
16. Oír ar mbeith dhamh fós a Dtessalonica do chuireabhair chugam uáir nó dhó fóirighin mo ríachdanuis.