Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Bhphilippiánach 4:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Uime sin, a dhearbhraithre dílghrádhacha dá bhfuil toil mo chroidhe, mo sholas agus mo choróin, seasuidh mar so sa Dtíghearna, a dhearbhráithre dílghradhacha.

2. Sírim dathchuinghe ar Ebhódias, agus guídhim Sintiche, bheith déininntinn sa Dtíghearna.

3. Agus sírim dathchuinge ortsa, mar an gcéudna, a chompanuigh charthanaigh, cungnamh ris na mnáibh noch do rinne díthchioll maille riomsa sa tsoisgéul, agus fós maille ré Clemens, agus ris an gcuid eile dom luchd cabhartha, agá bhfuilid a nanmanna a leabhar na beatha.

4. Déunuidh gáirdeachas do shíor sa Dtíghearna: a deirim a rís, Déunuidh gáirdeachas.

5. Bíodh suáimhneas bhur ninntinne follas do na huile dhaóinibh. Atá an Tíghearna láimh ribh.

6. Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais.

7. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.

Léigh chaibidil críochnaithe Bhphilippiánach 4