Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Bhphilippiánach 4:1-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Uime sin, a dhearbhraithre dílghrádhacha dá bhfuil toil mo chroidhe, mo sholas agus mo choróin, seasuidh mar so sa Dtíghearna, a dhearbhráithre dílghradhacha.

2. Sírim dathchuinghe ar Ebhódias, agus guídhim Sintiche, bheith déininntinn sa Dtíghearna.

3. Agus sírim dathchuinge ortsa, mar an gcéudna, a chompanuigh charthanaigh, cungnamh ris na mnáibh noch do rinne díthchioll maille riomsa sa tsoisgéul, agus fós maille ré Clemens, agus ris an gcuid eile dom luchd cabhartha, agá bhfuilid a nanmanna a leabhar na beatha.

4. Déunuidh gáirdeachas do shíor sa Dtíghearna: a deirim a rís, Déunuidh gáirdeachas.

5. Bíodh suáimhneas bhur ninntinne follas do na huile dhaóinibh. Atá an Tíghearna láimh ribh.

6. Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais.

7. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.

8. Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.

9. Ná neithe fós, do fhóghluim sibh agus do ghlacabhair, agus do chúalabhair, agus do chonncabhair ionnamsa, deunuidh íad: agus biáidh Día na síothchána maille ribh.

10. Agus do ghabh gáirdeachas go mór sa Dtíghearna mé, do bhrígh gur éiridh dhíbh fá dheireadh mo chúramsa do bheith oruibh; fós an ní do bhí na chás oruibh, achd nach bhfúarabhair ám.

11. Ní tré ríachdanus a deirim so: óir do fhoghluim misi, bheithe sásuigh, ris an staid ann a bhfuilim.

Léigh chaibidil críochnaithe Bhphilippiánach 4