Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Bhphilippiánach 2:23-28 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

23. Uime sin atá súil agum ris a bhfearsa do chur chuguibh, cómhlúath agus bhías a fhios agus créud bhus cor dhamh féin.

24. Agus atá muinighin agum sa Dtíghearna go dtiucfuidh mé féin mar an gcéudna chuguibh go haithghearr.

25. Gidheadh do mheas mé gur riachdanach mo dhearbhráthair Epaphroditus, do chur chuguibh, mo chomhoibrighe, agus mo choimhfhior coguidh, agus bhur dteachdairese, agus an tí do fhóir oram a nám mo riachdanuis.

26. Oír do bhí fonn a chróidhe ionnuibhse uile, agus do líonadh é do thuirse, tré na chlos dáoibhse go raibh sé lag.

27. Agus go deimhin do bhí sé lag a bhfogus don bhás: gidheadh do rinne Día trócaire air; agus ní hair amháin, achd oramsa mar an gcéudna, ionnus nach bíadh doilgheas ar muin doilghis oram.

28. Uime sin bá moide mo dhúthrachd fá na chur chuguibh, ionnus ar na fhaicsin a rís daóibh, go ngéubha gáirdeachas sibh, agus go madh lúghaide mo dhoilgheassa é.

Léigh chaibidil críochnaithe Bhphilippiánach 2