Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Bhphilippiánach 2 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil II

Impidhe chum ionnanus, 8 umhlachd; 12 agus slainte an anam do shaóthrughadh le dithchioll.

1. Uime sin mar atá cómhfhurtachd ar bith a Gcríosd, má atá sólas ar bith grádha, má atá cumann ar bith Sbioruide, má atá truáighe ar bith nó trócaire,

2. Coimhlíonuidh mo gháirdeachasa, ré bheith díbh déininntinn, dáonghrádh, déuntoil, agus déinbhreitheamhnas.

3. Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin.

4. Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile.

5. Uime sin bíodh a ninntinn chéudna ionnuibh, noch do bhí fós a Niósa Críosd:

6. Noch, ar mbeith dhó a bhfoirm Dé, nár mheas sé na shlad bheith dhó coimionnun ré Día:

7. Achd do chuir sé é féin a neamshúim, ar ndul dó a riochd shearbhfoghantuighe, ar na dhéunamh cosmhail ré dáoinibh:

8. Agus ar na fhagháil a bhfioghair mar dhuine, do ísligh sé é féin, ar mbeith dhó ar ná dhéunamh úmhal gus an mbás eádhon bás na croiche.

9. Ar a nadhbharsin do árduigh Día é go ro árd mar an gcéudna, agus tug sé ainm dhó ó cionn gach uile anma:

10. Ionnus go ccromthadh gach uile ghlún dainm Iósa, eadhon glúine na neitheann atá ar neamh, agus ar talamh, agus fáoi an dtalamh;

11. Agus go naidmheóchadh gach uile theanguidh gur ab é Iósa Críosd an Tighearna, chum glóire Dé Athar.

12. Uime sin, a chaired, amhuil tug sibh úmhlachd uáibh a goimhnuidhe, ní hé amháin dom láthairse, achd a nois go mórmhór ar mbeith dhamh bhur bhféugmhuis, sáothruighe bhur slánughadh féin maille ré faitchéas agus ré criothnughadh.

13. Oír a sé Día oibrigheas ionnuibh an toil agus an gníomh do réir a dheaghthola.

14. Déunuidh na huile neithe gan mhonbhar agus gan challóid:

15. Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal;

16. Ag síneadh bhréithre na beatha uáibh amach; ionnus go dtiucfadh dhíomsa mórdháil do dhéunamh a ló Chríosd, nár rioth mé go díomháoin, agus nár sháothruidh mé go díomháóin.

17. Achd fós, bíodh go bhfuilim dom íodhbairt ar muin íodhbartha agus sheirbhíse bhur gcreidimhse, atá lúathgháir oram, agus gáirdeachas má ráon libhse uile.

18. Ar son a nadhbhair chéudna déanuighse fós lúathgháir, agus gáirdeachas má ráon riomsa.

19. Agus atá muinighin agum sa Dtíghearna Iósa ré Timoteus do chur chuguibh go haithghearr, ionnus go mbéinn deighmheisnigh, ar bhfagháil fheasa créud as cor dhíbhse.

20. Oír ní bhfuil a chamhuil agum ar fheabhus a inntinne, noch ar a mbíadh cúram na neitheann bheanas ribhse go dúthrachdach.

21. Oír síad na neithe bheanas ríu féin íarruid na huile, agus ní híad na neithe bheanas ré Híosa Críosd.

22. Achd atá fios a dhearbhthachdsan aguibhse, eadhon go ndearna sé miniosdrálachd um fhochairse sa tsoisgéul, amhuil do dhéunadh mac a bhfochair a athar.

23. Uime sin atá súil agum ris a bhfearsa do chur chuguibh, cómhlúath agus bhías a fhios agus créud bhus cor dhamh féin.

24. Agus atá muinighin agum sa Dtíghearna go dtiucfuidh mé féin mar an gcéudna chuguibh go haithghearr.

25. Gidheadh do mheas mé gur riachdanach mo dhearbhráthair Epaphroditus, do chur chuguibh, mo chomhoibrighe, agus mo choimhfhior coguidh, agus bhur dteachdairese, agus an tí do fhóir oram a nám mo riachdanuis.

26. Oír do bhí fonn a chróidhe ionnuibhse uile, agus do líonadh é do thuirse, tré na chlos dáoibhse go raibh sé lag.

27. Agus go deimhin do bhí sé lag a bhfogus don bhás: gidheadh do rinne Día trócaire air; agus ní hair amháin, achd oramsa mar an gcéudna, ionnus nach bíadh doilgheas ar muin doilghis oram.

28. Uime sin bá moide mo dhúthrachd fá na chur chuguibh, ionnus ar na fhaicsin a rís daóibh, go ngéubha gáirdeachas sibh, agus go madh lúghaide mo dhoilgheassa é.

29. Ar a nadhbharsin gabhuidh chúguibh é sa Dtíghearna maille ris a nuile gháirdeachás; agus bíodh cion mór aguibh ar shamhuilsion:

30. Do bhrígh go dtáinic sé go garr don bhás ar son oibre Chríosd, agus nár chuir suim ann a anam, ionnus go gcoimhlíonfadh sé a nuireasbhaidh do bhí oramsa a dtáobh bhur seirbhísse.