Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Bhphilippiánach 1:21-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Oír as éudáil damhsa Críosd, más beatha no bás damh.

22. Agus dá dteagmhuigh dhamh bheith beó sa gcoluinn, biáidh sé tarbhach dhamh: agus créd do bhéuruinn do roghain ní eadair mé.

23. Oír atáim a gcúmhgach ar gach táobh, ar mbeith dhamh fonnmhar ar bheith fá reír, agus ar bheith a bhfochair Chríosd; óir ni bhfuil ann ní as fear ná sin:

24. Gidheadh as riachdanuigh dhibhsé mé fhuireach sa gcoluinn.

25. Agus atá a fhios dearbhtha so agum go bhfanfad agus go ndéunad comhnuidhe bhur bhfochairse uile, chum sibhse chur ar bhur nadhuigh, agus chum gáirdeachais créidimh;

26. Ionnus go líonfadh bhur luathgháirse a Niósa Críosd dom tháobhsa ó bheith dhamh a rís a láthair agaibh.

27. Amháín iomchruidh sibh féin go cubhaidh do shoisgéul Chríosd: ionnas dá dtigidh mé agus go bhfaicfeadh sibh, nó dá raibh mé uáibh, gi bhfuighead sgéula oruibh, go bhfuiltí ag fuireach a náoin Sbioruid, agus ag cur lé chéile déininntinn a gcreideamh an tsoisgéil;

28. Agus ná bíodh eagla na druinge chuireas bhur nadhuigh oruibh a gcáil ar bith: noch is comhartha sgriosda dhóibhsion, achd sláinte dhíbhse, agus sin ó Dhía.

29. Oír tugadh dhíbhse a naisgidh ar son Chríosd, ní hé amháin creideamh dhíbh ann, achd mar an gcéudna fulang ar a shon;

Léigh chaibidil críochnaithe Bhphilippiánach 1