5. A né nach cumhuin libh, ar mbeith dhamh fós bhur bhfochair, go ndubhairt mé na neíthese ribh?
6. Agus a nois atá a fhios aguibh créud is toirmeasg ann chum a fhoillsighthe ann a ám féin.
7. Oír atá rúindíamhair na neimhdhíaghachda ag oibriughadh cheana: amháin an tí thoirmisgeas a nois cuirfidh sé toirmeasg, nó go dtógaibhthear as lár é.
8. Agus foillséochthar an tan sin an duine Neamhdhíaghadhsin, noch chlaóifeas an Tíghearna ré Sbiorad a bhéil, agus sgriosfus sé ré déallradh a theachd: