1. Pol, agus Silbhánus, agus Timotéus, chum eagluise na Dtessalónicanach a Ndía Athar, agus sa Dtíghearna Iósa Críosd:
2. Grása maille ribh, agus síothcháin ó Dhía ar Nathair, agus ón Dtíghearna Iósa Críosd.
3. A tá dfíachuibh oruinn buidheachus do bhreith ré Díá do shíor ar bhur sonsa, a dhearbhráithre, mar as iomchubhaidh, do bhrígh go bhfuil bhur gcreideamh ag fás go líonmhar, agus grádh gach aóin aguibh uile ag méudughadh dhá chéile;
4. Ionnas go ndéunmaóidne féin mordháil bhur dtáobhsa a nagluisibh Dé ar son bhur bhfoighide agus bhur gcreidimh ann gach gérleanmhuin agus gach buáidhirt iomchras sibh:
5. Comhartha follas ar cheart bhreitheamhnuis Dé, ionnus go measfuidhe gur fíu sibhse ríoghachd Dé, ar son a bhfuiltí fós ag fulang: