Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Timóteuis 4:4-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus fillfid síad a gclúasa ón bhfírinne, agus geillfid do sgéultuibh fábhuill.

5. Gidheadh déunsa faire sna huile neíthibh, fulaing anshógh, déin obair shoíbhisgeil, tabhair fá deara do mhiniosdrálachd do bheith dearbhtha.

6. Oír atáimse a noise féín dom íodhbairt, agus is fógas damh aimsir mimtheachda.

7. Do chómhraic mé cómhrac maith, ráinic mé ceann mo choimhleanga, do choimhéid me an creaideamh:

8. O so amach atá coróin fhíréuntachda ar na taisge fám chomhair, noch bhéuras an Tíghearna, an breitheamh cómhthrom dhámh sa ló úd: agus ní dhámhsa amháin, achd mar an gcéudna do na huile dháoine ghrádhuigheas a theachd.

9. Déun deithneas ré theachd chugam go haithghearr:

10. Oír do thréigh Démas mé, ar dtábhairt ghrádha don tsáoghalsa a láthair, agus do imthigh sé go Tessalonica; Crescens go Galátia, Titus go Dalmátia.

11. Atá Lucás na áonar um fhochair. Ar mbreith dhuit ar Mhárcuis, tabhair leachd é: óir as ro shocrach dhámhsa é chum miniosdrálachda.

12. Agus do chuir mé Tichicus uáim go Hephesus.

13. An tan thiucfas tú, tabhair leachd an brat noch do fhág mé a Dtróas ag Carpus, agus na leábhair, go háirighe na meamruim.

14. As mór dolc do rinne Alecsandar an céard copair oram: go dtuguidh an Tíghearna dhó réir a ghníomharthadh.

15. Agus bíse mar an gcéudna ar do choimhéud air; óir is mór do chuir sé a nadhuigh ar mbríathairne.

16. Ann mo chéud chosaintse níor raibh áonduine agam, achd do thréigeadar uile mé: nar agrar orrtha é.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Timóteuis 4