Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Timóteuis 3:4-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Luch bratha, mearrgánta, áirdinntinneach, luchd ghrádhaigheas sáimhe ní sa mhó na Día;

5. Leigeas orrtha féin bheith díagha, achd do dhíult do chúmhachd na díaghachda: agus seachainse a samhuil sin.

6. Oir is don druingse an luchd bhíos ag teultógh a steach a dtighthibh, agus bheireas ríu a mbruid mná simplidhe líonta do pheacadh, noch do threóruighthear ré hainmhíanuibh éugsamhla,

7. Ag fóghluim do shíor, agus go bráth gan teach dhóibh chum eólais na fírinne.

8. Agus do réir mar do chuir Iannes agus Iambres a naghuidh Mhaóisi, as mar an gcéudna chuirid an dreamsa a naghuidh na firinne: luch inntinne truáillighe, mearuighe a dtáobh am chreidimh.

9. Gidheadh ní bhéuruid buáidh ní sa mhó: óir biáidh a gcúthach follas do na huile dháoinibh, amhuil do bhí a gcúthach súd mar an gcéudna.

10. Achd do lean tusa mo theagusga, réim mo bheatha, mo rún, mo chreideamh, mo cheannsachd, mo ghrádh, agus mfoighid,

11. An ghérleanmhuin, an pháis, a dfulaing mé a Nantióchia, a Nicónium, agus a Lisdra; créd é méid na gérleanmhana diomchuir mé: achd do sháor an Tighearna mé úatha uile.

12. Agus fós, an mhéid ler mían a mbeatha chaitheamh go díagha a Niósa Críosd fuileónguin síad gerleanmhuin.

13. Achd na drochdháoine agus na mealltóirighe rachuid air a naghuidh sa nolc, ag mealladh, agur ar na mealladh dhóibh.

14. Achd comhnuighse sna neithibh do fhóghluim tú agus do fágbhadh táobh riot, ar mbeith a fheasa agad cía ór fhoghluim tú íad;

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Timóteuis 3