Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Timóteuis 1:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Pol, absdal Iósa Críosd tré thoil Dé, do réir gheallamhna na beatha atá a Níosa Críosd,

2. Go Timotéus, an mac ionmhuin: Grasa, trócaire, agus síothcháin, ó Dhía Athar agus ó Iósa Críosd ar Dtíghearna.

3. Bheirim buidheachas ré Día, da ndéanuim seirbhís ag leanmhuin luirg na sinnsear maille ré coinnsías glan, fá chuimhne bheith agam ortsa do ghnath am úrnuighibh do ló agus doidhche;

4. Ar mbeith dhamh fonnmhar thusa dfaicsin, an tan chuímhnighim ar do dhéuruibh, ionnus go mbéinn líonta do gháirdheachas;

5. Ar mbeith cuimhneach dhamh ar an gcreideamh neamhfhallsa atá ionnad, noch do bhí na chómhnuidhe ar tús ann do sheanmháthair Lois, agus ann do mháthair Eunice; agus ís deimhin leam a bheith ionnadsa mar an gcéudna.

6. Ar a nadhbharsa cuírim a gcoimhne dhuit tiodhlacadh Dé atá ionnad tré chur mo lámhsa ort, do bhíodhgadh súas.

7. Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.

8. Uime sin ná bíodh adhnáire ort fá fhíadhnuise ar Dtíghearna, ná am thimchiollsa priosúnach ar a shon: achd bíodh do chuid agad do bhuáidhirt an tsoisgéil do réir chúmhachd Dé;

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Timóteuis 1