Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Timóteuis 1 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil I

Grasa Dé do bhíodhgadh súas tré chleachdadh, agus urnnighe; 13 agus sómpla na mbriathar fhallain attáobh creideamh agus grádh, do chonmháil.

1. Pol, absdal Iósa Críosd tré thoil Dé, do réir gheallamhna na beatha atá a Níosa Críosd,

2. Go Timotéus, an mac ionmhuin: Grasa, trócaire, agus síothcháin, ó Dhía Athar agus ó Iósa Críosd ar Dtíghearna.

3. Bheirim buidheachas ré Día, da ndéanuim seirbhís ag leanmhuin luirg na sinnsear maille ré coinnsías glan, fá chuimhne bheith agam ortsa do ghnath am úrnuighibh do ló agus doidhche;

4. Ar mbeith dhamh fonnmhar thusa dfaicsin, an tan chuímhnighim ar do dhéuruibh, ionnus go mbéinn líonta do gháirdheachas;

5. Ar mbeith cuimhneach dhamh ar an gcreideamh neamhfhallsa atá ionnad, noch do bhí na chómhnuidhe ar tús ann do sheanmháthair Lois, agus ann do mháthair Eunice; agus ís deimhin leam a bheith ionnadsa mar an gcéudna.

6. Ar a nadhbharsa cuírim a gcoimhne dhuit tiodhlacadh Dé atá ionnad tré chur mo lámhsa ort, do bhíodhgadh súas.

7. Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.

8. Uime sin ná bíodh adhnáire ort fá fhíadhnuise ar Dtíghearna, ná am thimchiollsa priosúnach ar a shon: achd bíodh do chuid agad do bhuáidhirt an tsoisgéil do réir chúmhachd Dé;

9. Noch do sháor sinn, agus do ghoir sinn maille ré gairm náomhtha, ní réir ar noibrightheadh, ahd réir a chinnidh féin agus a ghrás, noch do tugadh dhúinn a Niósa Críosd roimh chrúthughadh an domhuin;

10. Achd atá a nois ar fhoillsiughadh tré theachd deallruigheeach ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do dhíbhir an bás, agus tug beatha agus neamhthruáilleadh chum soillse trés an tsoisgéul:

11. Chum ar hórduigheadh misi um sheanmóntuigh, agus um absdal, agus um dhoctúr na Gcineadhach.

12. An tadhbhar fá a bhfuilim ag fulang na neitheannsa: gidheadh ní bhfuil adhnáire oram: oír atá a fhios agum cía dhár chreid mé, agus as deimhin leam gur féidir leis an ní dfág mé táobh ris do choimhéud fa chómhair an láoi úd.

13. Bíodh agad sompla fírinneach na mbríathar bhfalláin, do chúaluidh tú uáimse, a gcreideamh agus a ngrádh a Níosa Críosd.

14. Coimhéid an taisge mhaith do fágbhadh agad trés an Sbiorad Náomh chómhnuigheas ionnuin.

15. Atá a fhios so agad, gur thréigeadar luchd na Hásia uile misi, agar ab dhíobh Phigellus agus Hermogínes.

16. Go dtuguidh Tighearna na trócaire do thigh Onesiphoruis; óir tug sé fúaradh go minic dhamhsa, agus níor ghabh adhnaire é f shlábhradh:

17. Achd, ar mbeith dhó sa Róimh do lorgair sé mé go ro dhíthchiollach, agus fuáir sé mé.

18. Go dtuguidh an Tíghearna dhósan trócaire dfághail ón Dtíghearna sa ló úd: agus atá a sháirfhios agadsa, créd é a mhéud do fhoir sé oram a Nephesus.