9. Gidh bé neach sháruigheas, agus nach comhnuigheann a dteagusg Chríosd, ní bhfuil Día aige. An tí chómhnuigheas a dteagusg Chríosd, atá an Tathair agus an Mac aige.
10. Dá dtighidh éinneach chuguibh, agus nach dtabhair ris an teagusga, ná gabhuidh chuguibh a steach é, agus na beannuighe dhó:
11. Oír an tí bheannuigheas dó atá sé pártach ré na dhrochghníomharthuibh.
12. Bíodh go raibh mórán do neithibh agum ré a sgríobhadh chuguibh, níor bháil leam sgríobhad ré papéur agus ré dubh: achd atá súil agum ré theachd chuguibh, agus ré labhairt ribh béul ar bhéul, chum ar ngáirdeachais do bheith iomlan.