Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Eóin 1:4-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Do bhí gáirdeachas mór oram do bhrígh go bhfuáir me cuid dod chloinnse ag siúbhal do réir na fírinne, amhuil fúaramar áithne ó Nathair.

5. Agus a nois íarruim dathchuinghe ort, a bhainntíghearna, (ní mar do bheinn ag sgríobhadh áithne nuáidhe chugad, achd na háithne do bhí aguinn ó thosuigh,) eadhon a chéile do ghrádhughadh dhúinn.

6. Agus a sé so an grádh, eadhon sinn do shiúbhal do réir a aitheantasan. A sé so a náithne, Do réir, mar do chúalabhair ó thosuigh, chum bheith dhíbh ag siúbhal innte.

7. Oír is iomdha mealltóir tháinic a steach sa dómhan, nach admhuigheann Iósa Críosd do theachd a gcoluinn. Gídh bé atá mar sin as mealltóir agus ainticríosd é.

8. Tuguidh aire ribh féin, nach léigfeam amúgha na neither do sháothruigheamar, achd go madh héidir linn lánlúach sáothair do ghlacadh.

9. Gidh bé neach sháruigheas, agus nach comhnuigheann a dteagusg Chríosd, ní bhfuil Día aige. An tí chómhnuigheas a dteagusg Chríosd, atá an Tathair agus an Mac aige.

10. Dá dtighidh éinneach chuguibh, agus nach dtabhair ris an teagusga, ná gabhuidh chuguibh a steach é, agus na beannuighe dhó:

11. Oír an tí bheannuigheas dó atá sé pártach ré na dhrochghníomharthuibh.

12. Bíodh go raibh mórán do neithibh agum ré a sgríobhadh chuguibh, níor bháil leam sgríobhad ré papéur agus ré dubh: achd atá súil agum ré theachd chuguibh, agus ré labhairt ribh béul ar bhéul, chum ar ngáirdeachais do bheith iomlan.

13. Cuirid clan do dheirbhsheathar toghtha beatha agus sláinte chugad. Amén.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Eóin 1