Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Eóin 1:1-6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. An, seanóir chum na bainntíghearna toghtha agus chum a cloinne, dá bhfuil mo ghrádh go fírinneach; agus ní hé mo ghrádhsa amháin, achd grádh na nuile mar an gcéudna noch fuáir eólas ar an bhfírinne;

2. Ar son na fírinne chomhnuigheas ionnuinn, agus bhías maille rinn go síorruidhe.

3. Grása trocaire, agus síothcháin, maille ribh, ó Dhía Athar, agus ón Dtíghearna Iósa Críosd, Mac a Nathar, maille ré fírinne agus ré grádh.

4. Do bhí gáirdeachas mór oram do bhrígh go bhfuáir me cuid dod chloinnse ag siúbhal do réir na fírinne, amhuil fúaramar áithne ó Nathair.

5. Agus a nois íarruim dathchuinghe ort, a bhainntíghearna, (ní mar do bheinn ag sgríobhadh áithne nuáidhe chugad, achd na háithne do bhí aguinn ó thosuigh,) eadhon a chéile do ghrádhughadh dhúinn.

6. Agus a sé so an grádh, eadhon sinn do shiúbhal do réir a aitheantasan. A sé so a náithne, Do réir, mar do chúalabhair ó thosuigh, chum bheith dhíbh ag siúbhal innte.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Eóin 1