Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 9:9-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. (Do réir mar atá sgríobhtha, Do leathnidh sé; agus tug sé do na bochdaibh: mairidh a fhiréuntachd go siorruidhe.

10. Agus an tí do bheir síol don tsioladóir agus arán chum beatha, go dtuguidh agus go méuduighe sé bhur síolchursa, agus go dtuguidh sé dó thorthuibh bhur bhfiréuntachda fás;)

11. Ar mbeithdháoibh ar bhur ndéunamh saidhbhir sa nuile chás, chum na huile dháonnachda, noch do bheir fó deara thrídne, buidheachas do bhreith ré Día.

12. Oír do bheir miniosdrálachd na hofrálasa ní hé amháin fóirighin do riachdanusaibh na náomh, achd líonuidh sé mar an gcéudna tré mhoran buidheachais do bhreith ré Día;

13. Ar mbeith dhóibh tré dhearbhthachd na miniosdralachdasa ag moladh Dé do bhrígh bhur númhlachdasa an a bhfuil sibh admhalach do shoisgéul Chríosd, agus do bhrígh bhur gcumuinn dháonnachduigh ríu féin, agus ris na huile náomhuibh;

14. Agus ann a núrnuighe ar bhur sonsa, noch atá bhur níarruidh ar son ghrás Dé líonas ionnuibh.

15. Uime sin buidheachas ré Día ar son a thiodhlaice nach dtig ré teanguidh fhoillsiughadh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 9