Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 9:6-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Agus bíodh so ar cuimhne aguibh, An tí shíolchuireas go tana is go tana bheanfus sé; agus an tí shíolchuireas go tiugh is go tiugh bheanfus sé.

7. Tabhradh gach áon úadh do réir thogra a chroidhe, ní maille ré doithcheall, nó ré héigean: oír is ionmhuin ré Día an tí bhronnus go soilbhir.

8. Agus as cumusach Día ar sibhse do líonadh do na huile ghrásaibh; ionnas ar bhfagháil bhur sáith dhaóibh a gcomhnuidhe do na huile neithibh, go líonfadh sibh chum gach uile dheaghoibre:

9. (Do réir mar atá sgríobhtha, Do leathnidh sé; agus tug sé do na bochdaibh: mairidh a fhiréuntachd go siorruidhe.

10. Agus an tí do bheir síol don tsioladóir agus arán chum beatha, go dtuguidh agus go méuduighe sé bhur síolchursa, agus go dtuguidh sé dó thorthuibh bhur bhfiréuntachda fás;)

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 9