Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 9:3-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Agus do chuir mé na dearbhráithreachasa ar siubhal, ionnus nach bíadh mó mhórdhail asuibhsi diomhaóin sa gcáilsi; agus go mbíadh sibhse ullamh, mar a dubhairt mé:

4. Deagla má thigid na Macedónachaigh riom, agus go bfuighid síad sibhse neamhullamh, go mbíadh adhnáire oruinne gan teachd oruibhse fa mhéid na mordhálasa.

5. Uime sin do bhreathnuidh mé gur ríachdanach na dearbhráithre bhrósdughadh, chum teachd chugaibhsi dhóibh ar tús, agus bhur nalmsana air ar labhradh cheana do chríochnughadh roimh láimh, ionnus go mbíadh sí ullamh, mar ní gheibhtheur tré dháonnachd, agus ní ré crúadháil.

6. Agus bíodh so ar cuimhne aguibh, An tí shíolchuireas go tana is go tana bheanfus sé; agus an tí shíolchuireas go tiugh is go tiugh bheanfus sé.

7. Tabhradh gach áon úadh do réir thogra a chroidhe, ní maille ré doithcheall, nó ré héigean: oír is ionmhuin ré Día an tí bhronnus go soilbhir.

8. Agus as cumusach Día ar sibhse do líonadh do na huile ghrásaibh; ionnas ar bhfagháil bhur sáith dhaóibh a gcomhnuidhe do na huile neithibh, go líonfadh sibh chum gach uile dheaghoibre:

9. (Do réir mar atá sgríobhtha, Do leathnidh sé; agus tug sé do na bochdaibh: mairidh a fhiréuntachd go siorruidhe.

10. Agus an tí do bheir síol don tsioladóir agus arán chum beatha, go dtuguidh agus go méuduighe sé bhur síolchursa, agus go dtuguidh sé dó thorthuibh bhur bhfiréuntachda fás;)

11. Ar mbeithdháoibh ar bhur ndéunamh saidhbhir sa nuile chás, chum na huile dháonnachda, noch do bheir fó deara thrídne, buidheachas do bhreith ré Día.

12. Oír do bheir miniosdrálachd na hofrálasa ní hé amháin fóirighin do riachdanusaibh na náomh, achd líonuidh sé mar an gcéudna tré mhoran buidheachais do bhreith ré Día;

13. Ar mbeith dhóibh tré dhearbhthachd na miniosdralachdasa ag moladh Dé do bhrígh bhur númhlachdasa an a bhfuil sibh admhalach do shoisgéul Chríosd, agus do bhrígh bhur gcumuinn dháonnachduigh ríu féin, agus ris na huile náomhuibh;

14. Agus ann a núrnuighe ar bhur sonsa, noch atá bhur níarruidh ar son ghrás Dé líonas ionnuibh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 9