Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 3:4-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus atá a leitheid so do dhóthchas aguinn tré Chríosd a Ndía:

5. Ní hé go bhfuilmíd cumasach ar áoinní smuáineadh uáinn féin mar uáinn féin; achd is ó Dhía atá ar gcumas;

6. Noch fós do rinne minisdrí iomchubhaidh dhínn don tiomna núadh; ní don litir, achd don sbioruid: óir marbhuidh an litir, achd do bheir an sbiorad beatha.

7. Agus má bhí miniosdrálachd an bháis, a litribh ar na tharruing a gclochaibh, glórmhar, ionnas nar bhfeidir ré clannuibh Isráel féucháin go gér air aghaidh Mháoisi tre dheallruigh a ghnúisi; noch do cuireadh ar gcúl:

8. Cionnus nach mbiáidh miniosdrálachd na sbioruide ní sa ghlormhuire?

9. Oír má bhí miniosdrálachd an damnuighte glórmhar, as ro mhó ná sin bheireas a miniosdrálachd na fíreantachda bárr a nglóir.

10. Oír an ní ud do rinneadh glórmhar ní dhearnadh glórmhar é sá chás so, a bhfarradh na glóire is áirde.

11. Oír má bhí an ní sin curthar ar gcúl glórmhar, as ro mhó ná sin atá an ní comhnuightheach glórmhar.

12. Uime sin ar mbeith dhá shamhuil so do mhuinghin aguinn, chleachdmaóid dánachd mhór:

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 3