Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 3:1-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. An dtionnsgnamaóid a rís sinn féin do mholadh? nó an bhfuil riachdanus aguinn, mar atá ag druing áirighe, re litreacha molta chugaibhse, nó litreacha molta uáibh?

2. A sí ar liteirne sibhse sgríobhtha ionar gcroidhthibh, thuigthear agus léighthear ris na huile dhaóinibh:

3. Ar mbeith follus gur sibh eipisdil Chríosd do friotholadh rinne, ar na sgriobhadh ní ré dubh, achd ré Sbioruid Dé bhí; ní a gclaruibh cloiche, achd a gcláruibh féolmhara an chroidhe.

4. Agus atá a leitheid so do dhóthchas aguinn tré Chríosd a Ndía:

5. Ní hé go bhfuilmíd cumasach ar áoinní smuáineadh uáinn féin mar uáinn féin; achd is ó Dhía atá ar gcumas;

6. Noch fós do rinne minisdrí iomchubhaidh dhínn don tiomna núadh; ní don litir, achd don sbioruid: óir marbhuidh an litir, achd do bheir an sbiorad beatha.

7. Agus má bhí miniosdrálachd an bháis, a litribh ar na tharruing a gclochaibh, glórmhar, ionnas nar bhfeidir ré clannuibh Isráel féucháin go gér air aghaidh Mháoisi tre dheallruigh a ghnúisi; noch do cuireadh ar gcúl:

8. Cionnus nach mbiáidh miniosdrálachd na sbioruide ní sa ghlormhuire?

9. Oír má bhí miniosdrálachd an damnuighte glórmhar, as ro mhó ná sin bheireas a miniosdrálachd na fíreantachda bárr a nglóir.

10. Oír an ní ud do rinneadh glórmhar ní dhearnadh glórmhar é sá chás so, a bhfarradh na glóire is áirde.

11. Oír má bhí an ní sin curthar ar gcúl glórmhar, as ro mhó ná sin atá an ní comhnuightheach glórmhar.

12. Uime sin ar mbeith dhá shamhuil so do mhuinghin aguinn, chleachdmaóid dánachd mhór:

13. Agus ní bhfuílmid mar Mhaóisi, do fholuidh a aghaidh, ionnus nach bhféuchfadóis clanna Israél go grinn air chrích a neithe churthar ar gcúl:

14. Uime sin do dalladh a ninntinn: óir gus a niugh a léighthóireachd na seantiomna fanuidh an folach céadna gan áthrughadh; noch curthar ar gcúl ré Críosd.

15. Achd fós gus a niugh, an tan léighthear Maóisi, curthar an folach ar a gcroidhthibh.

16. Gidheadh an tan fhillfid síad chum an Tighearna, toigéubhthar an folach úatha.

17. Achd as é an Tighearna an Sbíorad sin: agus gidh bé hionad ann a bhfuil Sbiorad an Tighearna, atá sáoirse ann sin.

18. Agus ar mbeith dhúinn uile, gan folach air ar nadhuigh ag féuchuinn ghlóire an Tighearna amhuil do bhíadh a sgathán, curthar a náithearrach crotha sinn sa niomháigh chéudna sin ó ghlóir go glóir, ré Sbioruid an Tighearna.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 3