Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 2:2-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Oír má chuirimse doilgheas oraibhse, cía hé chuireas sólás oram féin, achd an tí atá fá dhoilgheas dom tháobh?

3. Agus as chuige do sgríobh mé a ní so féin chugaibh, deagla, ar dteachd dhamh, go ngéubhadh doilgheas air muin doilghis mé fán muinntir, agár chóir dhamh gáirdeachas do bheith oram dhá dtáobh; ar mbeith dhamh muinighineach asaibh uile, gur ab é mo ghairdeachasa, bhur ngáirdeachasa uile.

4. Oír is as buáidhirt mhóir agus as dóilgheas croidhe do sgríobh mé chugaibh maille ré hiomad déur; ní chum dóilgheasa do chur oraibh, achd chum go dtuigfeadh sibh an grádh ro líonmhar atá agam dhíbh.

5. Achd má tháinic dóilgheas do tháobh éunduine, níor chuir sé dóilgheas oramsa, achd a gcáilibh; ionnus nach gcuirfinn ro úalach oruibhse uile.

6. Is lór dhá leitheid sin do dhuine an timdheargadh, fuáir sé ó mhórán.

7. Ionnus a nois contrárrdha dhó sin gur córa dhíbh maitheamhnus do thabhairt dó, agus sólás do chur air, deagla go sluigfidhe súas é lé hiomarcuidh doilghís.

8. Uime sin íarruim dathchuinghe oruibh bhur ngrádh do dhainniughadh dhá tháobh.

9. Oír as chuige so fós do sgríobh mé, chum go mbíadh fios dearbhtha agum oraibhse, an mbíadh sibh úmhal sna huile neithibh.

10. Agus gibh bé dhá dtug sibhse maitheamhnus áoinneithe, do bheirimse mar an gcéadna: óir má thug misi maitheamhnus a neinní uáim, gidh bé dhá dtug mé an maitheamhnus, is ar bhir sonsa tug mé uáím é a bhfíadhnuisi Chríosd;

11. Deagla Shátan do bhreith buáidhe oruinn ré na ghliocas: oír ní bhfuil ainbhfios a shlightheadhsan oruinn.

12. Tuilleadh eile, ar dteachd damh go Tróas air son shoisgéil Chríosd, bíodh gur hosgladh doras damh ón Dtighearna,

13. Ní bhfuáir mé suáimhneas dom sbioruid, do bhrigh nach dtárla dhamh mo dhearbhráthair Títus. Achd ar ngabháil mo cheada acasan damh, do imthigh mé úatha go Macedónia.

14. Agus a bhuidhe ré Día, do bheir fa deara dhúinn buáidh do bhreith a gcomhnuidhe a Gcríosd, agus fhoillsigheas baladh a éolais féin thrídne sa nuile áit.

15. Oír is sinn deaghbhaladh Chríosd do Dhía, sa druing shlánuighthear, agus sa druing dhamnuighthear:

16. Do dhruing dhíobh atámaid ar mbaladh báis chum báis: agus do dhruing eile ar mbaladh beatha chum beatha. Agus cía atá acfuinneach chum na neitheannsa?

17. Oír ní bhfuilmídne mar mhórán, do thruáilligheas bríathar Dé: achd labhrámaóid ar Chríosd amhuil ó fhiorghloine, nó amhuil ó Dhía, a bhfíadhnuisi Dé.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 2