Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 2:1-6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Achd do smuáin mé so riom féin, gan teachd a rís chugaibh a ndoilgheas.

2. Oír má chuirimse doilgheas oraibhse, cía hé chuireas sólás oram féin, achd an tí atá fá dhoilgheas dom tháobh?

3. Agus as chuige do sgríobh mé a ní so féin chugaibh, deagla, ar dteachd dhamh, go ngéubhadh doilgheas air muin doilghis mé fán muinntir, agár chóir dhamh gáirdeachas do bheith oram dhá dtáobh; ar mbeith dhamh muinighineach asaibh uile, gur ab é mo ghairdeachasa, bhur ngáirdeachasa uile.

4. Oír is as buáidhirt mhóir agus as dóilgheas croidhe do sgríobh mé chugaibh maille ré hiomad déur; ní chum dóilgheasa do chur oraibh, achd chum go dtuigfeadh sibh an grádh ro líonmhar atá agam dhíbh.

5. Achd má tháinic dóilgheas do tháobh éunduine, níor chuir sé dóilgheas oramsa, achd a gcáilibh; ionnus nach gcuirfinn ro úalach oruibhse uile.

6. Is lór dhá leitheid sin do dhuine an timdheargadh, fuáir sé ó mhórán.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 2