Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 13:10-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. As uime sin sgriobhuim na neithe so ar mbeith dhamh as bhur láthair, deagla mo bheith borb ar mbeith a lathair dhamh, do réir na gcúmhachd tug an Tíghearna dhamh chum follamnuighthe, agus ní chum sgriosda.

11. An cuid eile dhe, a dhearbhráithreacha, biodh gáirdeachas oruibh. Bighidh diongmhálta, bíodh deaghmheisneach aguibh, bíghidh déininntinn, leanuidh don tsíothcháin; agus biáidh Día an ghradha agus na siothchána maille ribh.

12. Teannuidh féin ré chéile maille ré póig náomhtha.

13. Cuirid na náoimh uile a mbeannachd chuguibh.

14. Grása an Tighearna Iósa Críosd, agus grádh Dé, agus cumann an Sbioruid Náoimh, maille ribh uile. Amén.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 13