Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 12:12-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. Go deimhin do hoibrigheadh cómharthaigh absduil eadruibhse maille ris a nuile fhoighid, a gcómharthuibh, agus a niongantasuibh, agus a gcúmhachduibh.

13. Oír créud í an cháil a rabhabhair fáoi eagluisibh eile, muna bé nár léig misi mo throm oruibh? tuguidh maitheamhnas damh sa néugcóirse.

14. Féuch, is ullamh a nois mé an treas uáir chum teachd chuguibh; agus fós ní chuirfe me mó throm oruibh: óir ní hí bhur máoin íarruim, achd sibh féin: oír ní hair an gcloinn ata dfíachuibh ionnmhus do chruinniughadh fá chómhair na naithreach, achd ar an haithribh fá chómhair na cloinne.

15. Agus budh ró mhían leamsa caitheamh ribhsi; agus mé féin fós do thabhairt ar son bhur nanmann: bíodh dhá mhéud ghráidhighim sibh, gur lúghaide bhur ngrádh dhamh é.

16. Achd bíodh, nár chuir mé muirighin oruibh, gidheadh, ar mbeith dhamh glic, do ghabh mé sibh rém ghliocas.

17. A ndearna mé éudáil oruibh a dtáóibh éunduine dhár chuir mé chuguibh?

18. Do íarr mé dathchuinge ar Thítus, agus do chuir mé dearbhráthair maille ris. A ndearnuidh Títus eadáil oruibh a ní ar bith? a né nach a náon spioruid amháin do shiubhlamar? a né nach éunlorg amháin do leanamar?

19. An sáoiltí a rís, go bhfuilmíd ag gábháil ar léisgéil ribh? as a bhfíadhnuisi Dé labhramáoid a Gcríosd: achd an tiomlán, a cháirde, chum bhur bhfollamnuighthese.

20. Oír as eaguil leam, ar dteachd damh, nach bhfuighe mé sibh mar as mian riom, agus nách bhfuighe sibhse mísi mar is mían ribh: agus go mbiáidh imreasuin, tnúth, fearg, consbóid, íthiomradh, siusarnach, líonadh drochmhéine, agus ceannarruiceadruibh:

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 12