Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 12:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Go deimhin ní hiomchubhaidh dhámhsa mórdháil do dhéanamh. Oir tiucfuidh mé chum taibhreadh agus taisbéunadh an Tighearna.

2. As aithnidh dhamh neach a Gcríosd ós cionn cheithre mblíadhan déug ó shin, (más ann sa gcoluinn, ní eadar; nó as an gcoluinn, ní eadar: atá a fhios ag Día;) noch do fúaduigheadh súas gus an treas neamh.

3. Agus as aithnidh dhamh a leithid sin do neach, (más ann sa gcoluinn, no as an gcoluinn, ní eadar mé: atá a fhios ag Día;)

4. Gur fuáduigheadh é go párrthas, agus go gcúaluidh bríathra rúindiamhracha nach cóir do dhuine labhairt.

5. Do dhéun mordháil as a shamhuil sin do neach: gidheadh ní dhéun mórdháil asam féin, muna dhearnad é as méugcrúasuibh.

6. Oír dá raibh na mhían oram mórdháil do dhéunamh, ní bhiáidh mé neimh-chéillidhe; óir déura mé a nfírinne: gidheadh atáim ag comgmhail oram féin, deagla éunduine dom mheas thar mar do chí sé mé, nó mar do chluin sé uáim.

7. Agus deagla áirde inntinne dom bhreith tar mhódh tré iomad sgéimhe na dtaisbéuntadh, fuáir mé sgolb ann mfeóil, áingeal Shátáin chum gabhála do dhornuibh oram, deagla áirde inntinne dom bhreith tar mhódh.

8. Dá tháobh so do chuir mé impidhe ar an Dtighearna fo thrí, fá na dhul uáim.

9. Achd a dubhairt sé riom, Is lór dhuit mo ghrássa: óir iomlánuighthear mo chúmhachdasa a néugcrúas. Uime sin budh ró mhóide mfonn mórdháil do dhéunamh as méugcrúasuibh, ionnus go ndéanadh cúmhachd Chríosd cómhnuidhe ionnam.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 12