Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 10:12-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. Oír ní laimhmaóid sinn féin do cheangal, nó chur a gcomórus re druing áirighe bhíos dá moladh féin: gidheadh ní thuigid síad, gur dá dtomhas féin ríu féin bhid síad, agus dá gcomórtus féin ré chéile.

13. Achd ní dhéunmaóidne mórdháil as na neithibh théid thar ar dtomhas, achd do réir mhiosúir na riaghla noch do thomhuis Día dhúinn, miosúr ré rochduin fós go soithe sibhse.

14. Oír ní shínemíd sinn féin tar mhogh, mar nach dtiucfadh dhínn rochduin chuguibhsi: óir rangamar fós chuguibh maille ré soisgéul Chríosd:

15. Ní ag déunamh mórdhála as na neithibh nar toimhseadh dhúinn, as sáothruibh dhaóineadh eile; achd as doigh linn, ar mbeith dá bhir gcreideamhsa ag fá ionnuibh, go léigfighthear tuilleadh fairsinge chuguinn sa ní do toimhseadh dhúinn,

16. Chum as tsoisgéil do sheanmóir sna críochaibh atá don táobh amuigh dhaóibhsi, ní chum mordhala dhéanamh as riaghuil dhuine eile, as neithibh atá ullamh cheana.

17. Achd an tí do ní mordháil, déunadh mórdháil as an Dtighearna.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 10