Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 1:4-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Do bheir furtachd dúinn ann ar nuile thriublóid, ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfaghmaóid féin furtachd ó Dhía.

5. Oír amhuil mar líonus páis Chríosd ionnuinn, as amhluidh sin líonus ar bhfurtachd mar an gcéadna tré Chríosd.

6. Agus más buáidhirt dúinn, ar son bhur gcomhfhurtachdasa agus bhur slánuighe, noch más furtachd duinn, ar son bhur gcomhfhurtachdasa agus bhur slánuighe, oibrighthear ionnuibh a bhfulang a námhgair chéudna fhuilngemid féin.

7. Agus atá meinighin dhaingean aguinn asuibhsi, do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn, mar do gheibh sibh bhur gcuid don nanshógh, go bhfuighe sibh bhur gcuid don tsógh mar an gcéudna.

8. Oír ní háil linn, ainbhfeas do bheith aruibh, a dhearbhráithre, a dtáobh na buáidheartha thárrla dhúinn sa Násia, eadhon, gur brúghadh tar mhógh sinn, ós cionn ar neirt, ionnus go raibh amharus aguinn fós air a bheith béo:

9. Achd do bhreathbuigheamar ionainn féin go rabhamar fá bhreith an bháis, ionnus nach asuinn féin do bhíadh muinighin aguinn, achd as Día dhúisigheas na mairbh:

10. Noch do sháor sinn ó na chomhór sin do bhás, agus sháorus sinn: as a bhfuil ar ndóigh go sáorfuidhe sé sinn fós mar an gcéudna;

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 1