Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 1:14-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Amhuil do admhuigh sibh a gcáíl, gur sinne bhur ngáirdeachas, mar as sibhse ar ngáirdeachaisne a ló an Tighearna Iósa.

15. Agus ris an dóthchassa bá mían riom teachd chugaibh roimhe so, ionnus go bhfuigheadh sibh grása dúbaltá;

16. Agus gabháil uaibhse go Macedónia, agus teachd a rís ó Mhacedonia chugaibh, agus sibhse do theachd riom dom shéoladh go tír Iúdaighe.

17. Uime sin ar na cur so romham dhamh, an raibh éadruinne oram? no an do réir na féola chuirim romham, na neithe chuirim romham, ionnus go mbíadh aseadh aseadh, agus ní headh ní headh agum?

18. Achd mar atá Día fírinneach, níor bhé ar ccomhrádh ribhse aseadh agus ní headh.

19. Oír Mac Dé, Iósa Críosd, noch do rinneamairne sheanmóir eadruibhse, misi agus Silbhánus agus Timóteus, níor bha aseadh agus ní headh é, achd a seadh do bhí annsan.

20. Oír geallamhna Dé go huilidhe. A seadh annsan íad, agus Amén annsan, chum glóire Dé dhar dtáoibhne.

21. Agus a sé Día, dhaingnigheas sinne maille ribhse a Gcríosd, agus do ung sinn;

22. Noch fós do chuir séula oruinn, agus tug comhartha daingnighthe na Sbioruide ann ar gcroidhthibh.

23. Agus goirim Día dfidhnuisi a naghuidh manma, gur do ghabháil aguibhse nach dtáinic mé fós go Corintus.

24. Ní hé gur tighearnuidhe sinn ar bhur gcreideamhsa, achd luchd cungnanta sinn do bhur ngáirdeachas: oír is tré chreideamh sheasus sibh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 1