Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 1:12-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. Oír a sé so ar ngáirdeachaisne, fíadhnuisi ar ccoinnsiáis, gur a neamhurchóid agus a bhfíorghloine dhíadha, agus nach a ngliocas colluidhe, achd maille ré grás Dé, do bhí ar gcoinbhearsáid sa tsáoghal, agus go mórmhór eadruibhsi.

13. Oír ní néithe eile sgriobhamaóid chugaibh, achd na neithe léigheas sibh nó fós aga bhfuil a bhfios dearbhtha aguibh; agus atá suil agam go mbiáidh sibh déimhneach asda go dteachd don chrich dhéigheanuidh.

14. Amhuil do admhuigh sibh a gcáíl, gur sinne bhur ngáirdeachas, mar as sibhse ar ngáirdeachaisne a ló an Tighearna Iósa.

15. Agus ris an dóthchassa bá mían riom teachd chugaibh roimhe so, ionnus go bhfuigheadh sibh grása dúbaltá;

16. Agus gabháil uaibhse go Macedónia, agus teachd a rís ó Mhacedonia chugaibh, agus sibhse do theachd riom dom shéoladh go tír Iúdaighe.

17. Uime sin ar na cur so romham dhamh, an raibh éadruinne oram? no an do réir na féola chuirim romham, na neithe chuirim romham, ionnus go mbíadh aseadh aseadh, agus ní headh ní headh agum?

18. Achd mar atá Día fírinneach, níor bhé ar ccomhrádh ribhse aseadh agus ní headh.

19. Oír Mac Dé, Iósa Críosd, noch do rinneamairne sheanmóir eadruibhse, misi agus Silbhánus agus Timóteus, níor bha aseadh agus ní headh é, achd a seadh do bhí annsan.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 1