Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 1:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Pol, absdal Iósa Críosd tré thoil Dé, agus an dearbhráthair Timotéus, chum eagluisi Dé noch atá a Gcorintus, maille ris na huile náomhuibh atá ar feadh na Hachaía:

2. Grása maille ribh agus síothchain ó Dhía ar Nathair, agus ón Dtighearna Iósa Críosd.

3. Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na trócaire, agus Día na huilé fhurtachda;

4. Do bheir furtachd dúinn ann ar nuile thriublóid, ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfaghmaóid féin furtachd ó Dhía.

5. Oír amhuil mar líonus páis Chríosd ionnuinn, as amhluidh sin líonus ar bhfurtachd mar an gcéadna tré Chríosd.

6. Agus más buáidhirt dúinn, ar son bhur gcomhfhurtachdasa agus bhur slánuighe, noch más furtachd duinn, ar son bhur gcomhfhurtachdasa agus bhur slánuighe, oibrighthear ionnuibh a bhfulang a námhgair chéudna fhuilngemid féin.

7. Agus atá meinighin dhaingean aguinn asuibhsi, do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn, mar do gheibh sibh bhur gcuid don nanshógh, go bhfuighe sibh bhur gcuid don tsógh mar an gcéudna.

8. Oír ní háil linn, ainbhfeas do bheith aruibh, a dhearbhráithre, a dtáobh na buáidheartha thárrla dhúinn sa Násia, eadhon, gur brúghadh tar mhógh sinn, ós cionn ar neirt, ionnus go raibh amharus aguinn fós air a bheith béo:

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 1