Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ttessalonicanach 5:11-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.

12. Agus íarrmuid dathchuinghe oruibh, a dhearbhraithre, aithne do bheith aguibh air an luchd do ní sáothar bhur measg, agus atá ós bhur gcionn sa Dtíghearna, agus theaguisgeas sibh;

13. Agus grádh ro dhióghraiseach do bheith aguibh dhóibh ar son a noibre Bíghidh síothchánta eadruibh féin.

14. Agus guidhemid sibh, a dhearbhráithre, teagusgaidh ná daóine míríaghalta, tugaidh furtachd don lagchroídheach, iomchraidh ris a nanbhfann, bighidh foighideach ris a nuile dhuine.

15. Tuguidh aire ribh nách déun éinneach olc a naghuidh uilc ar bith; achd leanuidh an mhaith do ghnáth, da bhur dtáobh féin, agus do tháobh na nuile dhaóineadh.

16. Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor.

17. Bíghidh ag úrnuighe gan sgur.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ttessalonicanach 5