Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ttessalonicanach 5:1-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Gidheadh a dhearbhráithre, ní bhfuil na ríachdanus oruibh sgríobhadh ohuguibh, a dtáobh aimsireadh agus mhóimenteadh.

2. Oír atá a sháirfhíos aguibh féin go dtiucfuidh lá an Tíghearna mar ghaduighe sa noidhche.

3. Oír an tan déuruid síad, Síothcháin agus neambáoghal; tiucfuidh sgrios obann orrtha an tan sin, mar thig iodhana go mnaói thorruidh; agus ní bhéuruid íad féin as.

4. Gidheadh, a dhearbhráithre, ní bhfuil sibhse a ndorchadas, ionnus go dtiucfadh an lá sin oruibh mar ghaduidhe.

5. As clan na soillse sibh uile, agus clan an laói: ní clan do noidhche, ná don dorchadas sinn.

6. Uime sin ná déunam codladh, do nó cháich; achd déunam faire agus bíom measárrdha.

7. Oír an dream chodlas is ann sa noidhche chodluid síad; agus an dream ar a mbí misge is an sa noidhche bhíd ar misge.

8. Gidheadh sinne, atá ar gcloinn ag an lá, bímid meassardha, ar gcur éidigh ochda an chreidimh agus an ghrádha iomuinn; agus mhúinighne an tslánuighthe, mar chlogaid.

9. Oír ní chum feirge dórduigh Día sinn, achd chum an tslánaighthe do ghnodhughadh tré ar Dtighearna Iósa Críosd,

10. Noch do fuáir bás aír ar son, ionnus, mas dúsachd nó codladh dhúinn, go mairfemís na fhochairsion.

11. Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.

12. Agus íarrmuid dathchuinghe oruibh, a dhearbhraithre, aithne do bheith aguibh air an luchd do ní sáothar bhur measg, agus atá ós bhur gcionn sa Dtíghearna, agus theaguisgeas sibh;

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ttessalonicanach 5