Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ttessalonicanach 4 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil IV

Iarrfa séorra, 11 a ngnothuighe fein do dheanamh, 13 agus gan na marbh do re-chaóineadh.

1. Tuilleadh eile a dhearbhráithre, cuirmíd dimpidhe agus dathchuinge oruibh, trés an Dtíghearna Iósa, sibh theachd ar bhur nághuidh ní sa mhó ná chéile, do réir mar fúarabhair uáinne an gléus air ar coir dhaoibh síubhal, agus toil Dé do dhéunamh.

2. Oír atá a fhios aguibh créd íad na haitheanta thugamar dhaóibh trés an Dtíghearna Iósa.

3. Oír a sí so toil Dé, sibhse do bheith náomtha, ionnus go seachnochadh sibh sdríopachus:

4. Agus fios do bheith ag gach áon aguibh ar a shoitheach féin do chongmháil a náomthachd agus a nonóir;

5. Agus ní a bhfonn ainmhíanach, amhail do níd na Cineadhacha, ag nach bhfuil éolas Dé:

6. Gan leathrom na méabhail do dhéunamh déinneach air a dhearbhrathair: óir do ní Día díoghaltus sna neithibhse uile, do réir mar a dubhramar cheana ribh, agus do rinneamar dfíadhnuisi.

7. Oír ní chum neamhghloine do ghoir Día sinn, achd chum náomhthachda.

8. Ar a nadhbharsin an tí chuireas a neamhshuin na neithesi, ní a nduine atá neamhshúim aige, achd a Ndía, noch fós tug dhúinne a Sbiorad náomhtha féin.

9. Achd a dtáobh ghrádh bhráithreamhuil ní bhfuil sibhse a riachdanas sgríobhadh chuguibh: óir do teaguisgeadh sibh ó Dhía, chum a chéile do grádhughadh.

10. Agus fós do níthí an ní céudna do na huile dhearbhraíthribh ar feadh na Macedónia uile: gidheadh íarrmuid dathchuinge oruibh, a dhearbhráithre, teachd ar bhur nághuidh ní sa mhó na chéile;

11. Agus bhur ndithchioll do dhéunamh ré bheith ciúin, agus re bhur ngnothuighibh féin do dhéunamh, agus ré sáothrughadh dhíbh ré bhur lámhuibh féin, do réir na naitheantadh thugamairne dhíbh;

12. Chum sibh féin diomchar go cubhaidh a dtáobh na druinge atá don táobh amuith, agus ionnus nách bíadh uireasbhuidh éinneithe oruibh.

13. Agus a dhearbhráithre, ní hail leam ainbhfios do bheith oruibh, a dtáobh na muinntire atá na gcodladh, ionnas nach déunadh sibh doilgheas, mar an drung ag nách bhfuil muinighin.

14. Oír má chréidmíd go bhfuáir Iósa bás agus gur eidéirghe sé, as amhluidh sin fós bhéuras Día an drung chodlus a Níosa ma ráon is.

15. Oir a deirmíd so ríbh a mbréithir an Tíghearna, nach rachmuidne an luch atá beó, do fáigeadh go teachd an Tighéarna roimh an luchd atá na gcodladh.

16. Oír tiucfuidh an Tíghearna féin a núas ó neamh maile ré gáir, ré gúth a narchaingil, agus re sdoc Dé: agus eireóchuid na mairbh a Gcríosd ar tús:

17. Na dhíaigh sin inne fhúigfighear béon, fuáidéochar súas sinn ma ráon ríusan sna néulluibh, chum teagmhála don Tíghearna sa naíeur: agus mar sin bíam go síorruidhe a bhfochair an Tíghearna.

18. Uime sin tuguidh furtach dhá chéile ris na bríathruibhse.