Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ttessalonicanach 3:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Ar a nadhbharsin ó nar bhféidir linn congmháil oruinn ní búdh faide, do chonncas dúinn gur bhindéunta ar bhfagbháil a Nátens ar náonar;

2. Agus do chuireamar Timotéus, ar ndearbhráthair, agus minisdir Dé, agus ar bhfear cabhartha a soisgéul Chríosd, chum sibhse neartughadh, agus do theagusg do tháobh bhur gcréidimh:

3. Ionnus nach bíadh éunduine aguibh sóbhogtha sna buáidhearthuibhse: óir atá a fhios aguibh féin gur hórduigheadh sinn chuige so.

4. Oir go deimhin an tan do bhámar bhur bhfochair, dinníseamar dhíbh roimh láimh go néireochadh buáidhirt dhúinn; do réir mar thárrla, agus áta a fhíos aguibhse.

5. Ar a nadhbharso, ó nár bhféidír leamsa congmháil oram ní budh fhaide, do chuir mé eision chuguibh chum feasa bhur gcreidimh dfagháil, deagla gur chuir an cathuigheóir cathughadh oruibh a gcás ar bith, agus go mbíadh ar sáothairne díomhaóin.

6. Achd a nois go déigheanach ar dteachd do Thimotéus uáibhse chuguinne, agus ar dtábhairt dhéaghtheisde ar bhur gcreideamh agus ar bhur ngrádh dhúinn dó, agus go bhfuil déaghchoimhne aguibh oruinn, ar mbeith dhibh do shíor fonnmhar ar sinne dfaicsin, amhuil atámuidne fós ribhse:

7. Dá bhrígh sin, a dhearbhráithre, fúaramar furtachd bhur dtáobh ann ar nuile bhuáidhirt agus ríachdanas tré bhur gcreideamh:

8. Oír atámuidne a nois béo, dá seasuidh sibhse sa Dtíghearna.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ttessalonicanach 3