Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ttessalonicanach 2:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Oir, atá a fhios aguibh féin, a dhearbhráithre, nár dhíomhaóin ar ndul a steachne chuguibh:

2. Achd fós ar bhfulang dhúinn roimhe, agus tar éis ar masluighthe, a Bhfilippí, do réir mar as aithnigh dhíbhse, do rinneamar dánachd as ar Ndía féin ré soisgéul Dé do sheanmórughadh dhíbhse maille ré hiomad sbárna.

3. Oír ní raibh ar dteaguísgne tré mhealltóireachd, ná tré neamhghloine, ná tré cheilg:

4. Achd amhuil fuáir Día dúil ionnuinn ré cúram an tsoisgéil do chur oruinn, as dá réir sin labhramaóid; ní mar dhruing do ní toil na ndaóineadh, achd toil Dé dhearbhus ar gcroidhthe.

5. Oír ní dhearnamar a ríamh slíomadóireachd bhríathar, mar as aithnigh dhíbhse, na leithsgéul sainte; atá Día dfíadhnuise air:

6. Agus níor íarramar glóir ó dhaónibh ná uáibhse, ná aróile: bíodh gur bhféidir linn trom do léigean oruibhse, mar absdaluibh Chríosd.

7. Achd do bhámar caóin bhur measg, agus amhuil do bhíadh buime ag altrom a cloinne:

8. Is mar sin, ar mbeith dhúinne fonnmhar ionnuibhse, bá mían rinn ní hé amháin soisgéul Dé do roinn ribh, achd ar nanmanna féin mar an gcéudna, do bhrígh go rabhabhair róionmhuin dhúinn.

9. Oír as cúimhain libh, a dhearbhráithre, ar sáothairne agus ar nanshógh: óir ar mbeith dhúinn ag déunamh sáothair do ló agus doidhche, deagla ar dtruim do léigean ar éunduine aguibhse, do rinneamar soisgéul Dé do sheanmóir dhaóibh.

10. As fiadhnuisighe sibhse, agus Día créd é a náomhtha, agus a chómhthruime agus a neamhlochduíghe do iomchramar sinn féin eadruibhse an drung chreideas:

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ttessalonicanach 2