1. Pol, agus Silbhánus, agus Timotéus, chum eagluise na Dtessalónicanach a Ndía Athar, agus sa Dtíghearna Iósa Críosd: Grása maille ribh, agus síothcháin ó Dhía ar Nathair, agus ón Dtíghearna Iósa Críosd.
2. Beirmíd buidheachas ré Día do shíor ar bhur sonsa uile, dá bhur gcoimhniughadh ann ar núrnuighibh;
3. Gan sgur dá bheith ag coimhniughadh bhur nobair creidimh, agus sáothar carrthannachda, agus foíghide bhur mhuinighne ann ar Dtíghearna Iósa Críosd, a bfíadhnuisi Dé éadhon ar Nathair:
4. Ar mbeith fios bhur ndoghasa aguinn, a dhearbhráithre, as ionmhuin ré Día.
5. Oír ní a mbréithir amháin do bhí an soisgéul do rinneamar a sheanmóir dhaóibhse, achd sa Sbiorad Náomh, agus a láindearbhthachd; do réir mar as aithnigh dhíbh an gléus ann a rabhamar bhur measg ar bhur sonsa.
6. Agus do rinneadh luchd leanmhana dhúinne, agus don Tíghearna dhíbh, ar ngabháil na breithre chuguibh a mbuáidhirt mhóir, maille ré gairdeachas an Sbiorad Naóimh: