1. Pol, agus Silbhánus, agus Timotéus, chum eagluise na Dtessalónicanach a Ndía Athar, agus sa Dtíghearna Iósa Críosd: Grása maille ribh, agus síothcháin ó Dhía ar Nathair, agus ón Dtíghearna Iósa Críosd.
2. Beirmíd buidheachas ré Día do shíor ar bhur sonsa uile, dá bhur gcoimhniughadh ann ar núrnuighibh;
3. Gan sgur dá bheith ag coimhniughadh bhur nobair creidimh, agus sáothar carrthannachda, agus foíghide bhur mhuinighne ann ar Dtíghearna Iósa Críosd, a bfíadhnuisi Dé éadhon ar Nathair: