Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Timóteuis 6:7-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Oír ní thugamar ní ar bith linn air a tsáoghal, is follas fós nach féidir linn éinní bhreith as.

8. Uime sin an feadh atá bíadh agus éudach aguinn ar fághail go madh lór linn é.

9. Achd an dream lér mían bheith saidhbhir tuitid síad a gcáthughadh agus a ndul, agus a niomad ainmhían éigcéillidhe díoghbhalacha, nach mhúchas daóine a sgríos agus a milleadh.

10. Oír a sé grádh a nairgid fréumh na nuile olc: noch ar mbeith do dhruing áirighe dhá shauntughadh, do chúadar ar seachrán ón gcreideamh, agus do tholladar íad féin thríothadh ré hiomad dóilghis.

11. Achd tusa, óglaóich Dé, seachuin na neithese; agus lean dfíréuntachd, do dhíaghachd, do chreideamh, do ghrádh, dfoighid, agus do cheannsachd.

12. Déun comhrac maith sa gcreideamh, beir greim ar an mbeatha mharrthannuigh, chum ar goireadh thú, agus ar a ndearnuídh tú admháil mnhaith a láthair mhoráin dfíaghnuibh.

13. Aithním dhíot bhfíadhnuisi Dé bhéodhuigheas na huile neithe, agus Iósa Críosd, noch do rinne fíadhnuisi agus admháil mhaith a láthair Phuinc Phíolaid:

14. Na haitheantasa do choimhéud gan cháidh, gan lochd, go teachd ar Dtíghearna Iósa Críosd:

15. Noch fhoillseochas na ám féin, an tí atá beannuighe eadhon an Coímhdhe cúmhachdach na áonar, Rí na ríghtheadh, agus Tíghearna na dtíghearnadh;

16. Agá bhfuil an neamhmarbhthachd na áonar féidir dáonneach a rochduin; nách bhfácuidh duine ríamh, agus nach bhféudann fhaicsin: onóir agus cúmhachd síorruidhe dhó. Amen.

17. Fogair don druing atá sáibhbhir sa tsáoghalsa, gan bheith áirdinntinneach, ná a muinighin do chur a sáidhbhreas neamhbuáin, achd sa Día bheó do bheir dhúinne go sáidhbhir na huile neither chum a ccaithmhe;

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Timóteuis 6