Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Timóteuis 6:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Tugadh gach a bhfuil do shearbhfhoghantuighuibh faói chuing meas gur fiu a maighisdreagha a nuile onóir dfagháil, ionnus nach bhfuigheadh aimn Dé agus a theagusg sgannail.

2. Agus an dream agá bhfuilid maighisdreadha deaghchreidmheacha, ná bíodh tarcuisne aca orrtha do bhrígh gur dearbhráithre íad; achd go madh móide dhéanuid seirbhis, do bhrígh go bhfuilid síad deaghchreidmheach grádhach, agus pártach sa dtiodhlacadh. Múin agus teaguisg na neithese.

3. Dá dtabhruidh áoinneach atharrach teaguisg úadha, agus nach dtabhair áonta do bhriathruibh falláin, bríathra ar Dtíghearna Iósa Críosd, agus don teagusg atá réir dhiaghachda;

4. Atá sé uáibhreach gun fios áoinneithe aige, achd é ar sáobh céille a dtimcheall cheasdann agus imreasan focal, tré na dtig miosguis, connsbóid, anchaint, droch bharamhla,

5. Diosbóireachd chíapálach dhaóineadh truáilligh na ninntinn, agus atá dealuighthe ris a nfírinne, agus shaóileas gur díaghachd a néudáil: dealuidh ré na samhuil sin do dhaóinibh.

6. Gidheadh is éudáil mór an díaghachd maille ré neach bheith sásdadh ré na staid féin.

7. Oír ní thugamar ní ar bith linn air a tsáoghal, is follas fós nach féidir linn éinní bhreith as.

8. Uime sin an feadh atá bíadh agus éudach aguinn ar fághail go madh lór linn é.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Timóteuis 6