Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Timóteuis 5:6-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Achd an bhaintreabhach do bheir í féin do mhacnus air mbeith dhí beó atá sí marbh.

7. Uime sin áithin na neithese dhíobh, ionnus go mbeidís neamhlochdach.

8. Agus má atá aonduine nách déun soláthar dá dháoinibh féin, agus go mórmhór do luchd a thíghe, do shéun sé an creideamh, agus is measa é ná neach gan chreideamh.

9. Toghthar baintreabhach nach bí ní sa lugha ná trí fichid blaidhan dáois, do bhí na mnáoi éinfhir.

10. Ar a raibh teisd mhaith as a deaghoibrighthibh, má ghlac sí dáoine air aoidheachd, má dionnuil sí cosa na náomh, má thug sí fóirighthin do luchd anshoigh, má lean sí do ghnáth gach déaghobair.

11. Achd diúltuigh na bainteabhachá óga: óir ar mbeith dhoíbh macnasach a naghuigh Chríosd, is mían ríu pósadh;

12. Agá bhfuil damnughadh na gcionn, do bhrígh gur thréigeadar an céud chreideamh.

13. Agus fós ar mbeith dhóibh díomháoin, fóghlumuid síad dul fá gcúairt ó thigh go tígh; agus ni hé amháin bheith díomháoin, achd bíodánach mar an gcéudna agus dá sáthadh féin sna neithibh nach beanann ríu, ag rádh neitheann nach bí ionnráidh.

14. Uime sin as toil leam na mná óga fir do phósadh, clan do bhreith, aire do thabhairt do ghnothuighibh an tíghe, agus gan cionfátha ar bith do thabhairt do náidhbherseóir ré labhairt go holc.

15. Oír do fhilleadar dream áirighe cheana ar a nais a ndiáigh Shatáin.

16. Má atá fear nó bean don druing chreideas agá bhfuilid baintreabhacha, tugaidís dhóibh fóirighin a ríachdanuis, agus ná bíodh a muirighin ar a neagluis; ionnus go mbíadh go lór aice ré thabhairt do na fíobhaintreabhachuibh.

17. Na sinnsir ríaghluigheas go maith, bíodh meas orrtha gur fíu onóir dhúbalta íad, go mórmhór an luchd sháothruigheas sa mbréithir agus a dteagusg.

18. Oír a deir an sgriobtúir, Ná cuir ceangal ar bhéul an daimh bhrisios an tarbhar. Agus, As fíu an toibrighe lúach a sháothair.

19. Ná gabh casáoid a naghuidh sheanóra, gan fíadhnuisi deisi nó trír.

20. An dream pheacuidheas imdhearg íad a bhfíadhnuisi cháich uile, ionnus go ngéubhadh eagla an chuid eile mar an gcéudna.

21. Cuírim dúalach ort a bhfíadhnuisi Dé, agus an Tíghearna Iósa Criósd, agus na naingeal toghtha, na neithese choiméud gan suim do bheith agad a neach seach ar oile, gan ní ar bith dhéunamh dhuit go cláon.

22. Ná cuir lámha go hobann ar áoinneach, agus ná bí pártach ré péacuighibh dháoineadh eile: connaimh thú féin glan.

23. Ná híbh uisge ní sa mhó, achd cleachd beagan fíona ar son do ghaile agus héugcruás minic.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Timóteuis 5