Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Timóteuis 5:20-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

20. An dream pheacuidheas imdhearg íad a bhfíadhnuisi cháich uile, ionnus go ngéubhadh eagla an chuid eile mar an gcéudna.

21. Cuírim dúalach ort a bhfíadhnuisi Dé, agus an Tíghearna Iósa Criósd, agus na naingeal toghtha, na neithese choiméud gan suim do bheith agad a neach seach ar oile, gan ní ar bith dhéunamh dhuit go cláon.

22. Ná cuir lámha go hobann ar áoinneach, agus ná bí pártach ré péacuighibh dháoineadh eile: connaimh thú féin glan.

23. Ná híbh uisge ní sa mhó, achd cleachd beagan fíona ar son do ghaile agus héugcruás minic.

24. Bód peacuighe dháoineadh airighe follas roimh láimh, ag dul rompa chum breitheamhnuis; agus leanuid a peacuidh dream eile.

25. Mar an gcéudna fós bíd deaghoibre follas roimh láimh; agus na hoibreacha átá ar ghléus eile ní féidir a bhfolach.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Timóteuis 5